Gael Taca - Cúlra
Eagras margaíochta don Ghaeilge é Gael-Taca a bunaíodh i gCorcaigh sa bhliain 1987. Cathair agus contae Chorcaí is mó is cúram dúinn, ach bíonn teagmháil againn ar fud Éireann uilig.
Chuireamar romhainn an Ghaeilge a chur i láthair an phobail ar bhealach laethúil. Dheineamar san, agus táimid á dhéanamh i gcónaí trí lucht gnó a mhealladh chun fógraíochta, bíodh siopa ,ollmhargadh, banc, na Seirbhísí Poiblí nó seirbhís ar bith eile i gceist. Tá samplaí le feiscint ar fud an suímh idirlín seo. Ní Gael-Taca amháin atá i mbun na hoibre seo anois ach bhíomar ar an gcéad dream a thuig an tábhacht a bhain le feiceálacht na Gaeilge sa saol poiblí.
Tugaimid ardmholadh don lucht gnó. An ghrá teangan a spreag iad? Ar thuigeadar báidh an phobail i leith na teangan? Gur rud difriúl é fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge is go meallfaí suim an phobail sa rud neamh-ghnáthach? Pé cúis atá leis, tá gaisce déanta acu.
Craolaimid clár seachtainiúil raidió i nGaeilge ina dtugtar deis do mhórán den bpobal labhairt ar a n-ábhar féin. Cloistear na cláracha seo i gCorcaigh, in Eochaill agus i gCluain Meala. Ta samplaí eile den obair againn le feiscint ar an suíomh seo. Dar ndóigh má tá moladh agat dúinn ná bíodh leisce ar bith ort san a chur in iúl dúinn.
Eagras neamhspleách neamhpholaitiúil é Gael-Taca, le dearcadh dearfach againn i leith na teangan, ní fhágann san gur dall sinn ar dheacrachtaí is ar éagsúlacht thuairimí i dtaobh na teangan. Cuid bhunúsach dár bhféiniúlacht féin í an Ghaeilge agus cuirimid romhainn deathoil a chothú don Ghaeilge tríd ár gcuid oibreacha. Beocht na teangan a léiriú, sin is mian linn.
Deintear maoiniú orainn ag Údarás na Gaeltachta agus An Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Cabhraíonn Scéim F.Á.S. linn, agus síntiúisí deonacha na mball.