Gael-Taca Corcaigh

Eagras Margaíochta na Gaeilge



Cúlra

Bunaíodh Gael-Taca i gCathair Chorcai sa bhliain 1987, tráth go raibh fás dochreidthe faoi bunú Gaelscoileanna. Tugadh san áireamh freisin an obair iontach ag tuistí agus ag múinteoirí i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna ar fud na tíre.

Ba mhithid tógaint ar an obair seo agus deis a thabhairt don aos óg an Ghaeilge a fheiscint, a chloisint is a labhairt lasmuigh den scoil.
Chuir bunaitheoiri Ghael-Taca rompu

An Ghaeilge a chur i láthair an phobail; tógaint ar obair na scoileanna gus a thaispeáint ach go háirithe on aos óg gur teanga bheo í an Ghaeilge.

Bíonn fáilte roimh do thuairim ar conas is fearr an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá slánú na teangan i lámhaibh an óige, agus tugaimid cuireadh don aos óg páirt a ghlacadh ins an obair uasal seo.

Gael-Taca is a non-sectarian, non-racial organisation and does not support any particular party or political grouping.
Our interest is in the promotion of the Irish Language. Gael-Taca, founded in 1987, continues to be a positive voice for the use of our Irish Language. These notes give an idea of the scope of our work.

Tugaimid ardmholadh don lucht gnó. An ghrá teangan a spreag iad? Ar thuigeadar báidh an phobail i leith na teangan? Gur rud difriúl é fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge is go meallfaí suim an phobail sa rud neamh-ghnáthach? Pé cúis atá leis, tá gaisce déanta acu.

Craolaimid clár seachtainiúil raidió i nGaeilge ina dtugtar deis do mhórán den bpobal labhairt ar a n-ábhar féin. Cloistear na cláracha seo i gCorcaigh, in Eochaill agus i gCluain Meala. Ta samplaí eile den obair againn le feiscint ar an suíomh seo. Dar ndóigh má tá moladh agat dúinn ná bíodh leisce ar bith ort san a chur in iúl dúinn.

Eagras neamhspleách neamhpholaitiúil é Gael-Taca, le dearcadh dearfach againn i leith na teangan, ní fhágann san gur dall sinn ar dheacrachtaí is ar éagsúlacht thuairimí i dtaobh na teangan. Cuid bhunúsach dár bhféiniúlacht féin í an Ghaeilge agus cuirimid romhainn deathoil a chothú don Ghaeilge tríd ár gcuid oibreacha. Beocht na teangan a léiriú, sin is mian linn.

Ta Gael-Taca maoinithe ag An Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ag Udarás na Gaeltachta, ag Comhairlí Cathrach agus Contae Chorcaí, ag lucht gnó na cathrach, ag an Scéim F.Á S. agus síntiúisí na mball.