![]()
Bí id bhall de Ghael-Taca
Bí i do Bhall: €15
Ball Airgead: €50
Ball Airgead/ Óir: €100
Ball Corparáideach: €200
Tuilleadh Eolais >
![]()
Bí i do Bhall: €15
Ball Airgead: €50
Ball Airgead/ Óir: €100
Ball Corparáideach: €200
Tuilleadh Eolais >
Moladh do ghnónna Chorcaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge dhe
Bhronn Gael-Taca Gradam Phádraig Uí Chuanacháin ar ghnó a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gcathair nó i mbruachbhailte Chorcaí ar oíche Dé hAoine an 20ú Samhain, ins an óstán an Maryborough House Hotel i gCorcaigh. Chuir an eagraíocht sin fáilte mhór roimh an Aire Éamon Ó Cuív, a bhí i láthair chun an Gradam nua seo a bhronnadh.


Gradam Phadraig Ui Chuanachain
Bhí Pádraig i measc bhunaitheoirí Ghael-Taca i 1987. Chuir Pádraig roimhe go mbeadh an Ghaeilge le tabhairt faoi ndeara ag daltaí scoile lasmuigh den rang scoile agus ghríosaigh sé an lucht gnó chuige sin. Tháinig borradh is fás faoin nGaeilge ag an am, agus tá Gael-Taca ag leanúint sampla Phádraig ó shin. Fuair Pádraig Ó Cuanacháin bás i mí Márta 2008, agus tugann an gradam seo aitheantas agus ómós don obair dhílis a dhein sé ar son cur chun cinn na Gaeilge sa chathair agus sa chontae, agus go mórmhór chun an lucht gnó a spreagadh ó thaobh úsáid na Gaeilge dhe.
Bronnadh an Gradam ar Lynda Tyers, ar son Siopa Bearbóra an Fhir Spóirt, Baile an Chollaigh. “Rinne Siopa Bearbóra an Fhir Spóirt an-iarracht an Ghaeilge a chur ós comhair a chuid custaiméirí”, a dúirt Áine Ní Shléibhín, Oifigeach Forbartha de chuid Gael-Taca, Corcaigh. “Bhí comharthaí Gaeilge lasmuigh den siopa agus ar ábhair mhargaíochta chomh maith.” Chuaigh roinnt gnónna eile go mór i bhfeidhm ar na moltóirí agus bhí fonn orthu roinnt duaiseanna eile a bhronnadh mar aitheantas ar an tsár-iarracht a bhí déanta ag daoine. Bronnadh an tarna háit ar dhá ghnó – Siopa Oisín ó Bhóthar an tSíorghlais i gCorcaigh agus Quish’s SuperValu i mBaile an Chollaigh. Bronnadh an 3ú háit ar theach tábhairne an South County, Dúglas mar gheall ar an méid comharthaí Gaeilge a crochadh san áit le linn athchóirithe.
Chuir 16 chomhlacht isteach ar an gcomórtas i mbliana. Tá súil ag Gael-Taca cur leis an bhfigiúr sin an bhliain seo chugainn. “Bhíomar ana-shásta, ní hamháin leis an méid gnónna a chuir isteach ar an gcomórtas, ach leis an réimse mór leathan a bhí ann. Bhí gnónna áitiúla ar nós búistéirí agus comhlachtaí idirnáisiúnta. Teaspeánann sé seo an meas atá ag daoine ar an dteanga, agus go dtuigeann siad go bhfuil luach faoi leith ag baint leis an nGaeilge ó thaobh gnó dhe”.
Rinne an t-ealaíontóir Paddy McCormack dearadh ar an nGradam do Ghael-Taca, agus chuir an Evening Echo an Phríomhduais ar fáil – pacáiste fógraíochta de luach €5,000.
I measc na n-aíonna a bhí ann ar an oíche bhí an tArd-Mhéara Dara Murphy, Ray Lougheed ón Evening Echo agus Dónal Healy ó Chomhlachas Gnó Chorcaí.
Tá súil ag Gael-Taca an Comórtas a rith i 2010 chomh maith. Má tá aon eolas uait maidir leis an gcomórtas cuir glaoch ar Ghael-Taca ar 021 4310 841.