Bí id bhall de Ghael-Taca

Bí i do Bhall: €15
Ball Airgead: €50
Ball Airgead/ Óir: €100
Ball Corparáideach: €200
Tuilleadh Eolais >

Suirbhé tuairimí

Céard é an Láithreán Líonraithe Shóisialta is mó a bhaineann tú úsáid as?:

Navigation

Logáil Isteach

Gradam Phádraig Uí Chuanacháin 2010

Sheol Gael-Taca Gradam Phádraig Uí Chuanacháin 2010, ag ócáid ins an Óstán Clarion i gCorcaigh le déanaí. Bronnfar an gradam seo ar an gcomhlacht nó ar an ngnó is mó a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa chathair.

Bhí Pádraig i measc bunaitheoirí  Ghael-Taca i 1987 agus bhí dlúthbhaint aige ag an am gcéanna le bunú Gaelscoileanna i gcathair is i gcontae Chorcaí. Chuir Pádraig roimhe go mbeadh an Ghaeilge le tabhairt faoi ndeara ag daltaí scoile lasmuigh den rang scoile agus ghríosaigh sé an lucht gnó chuige sin.

Chuir 16 chomhlacht isteach ar an gcomórtas anuraidh. Tá súil ag Gael-Taca cur leis an bhfigiúr sin i mbliana, a dúirt Oifigeach Forbartha, Áine Ní Shléibhín. “Bhíomar ana-shásta, ní hamháin leis an méid gnónna a chuir isteach ar an gcomórtas anuraidh, ach leis an réimse mór leathan a bhí ann. Bhí gnónna áitiúla ar nós búistéirí agus comhlachtaí idirnáisiúnta. Teaspeánann sé seo an meas atá ag daoine ar an dteanga, agus go dtuigeann siad go bhfuil luach faoi leith ag baint leis an nGaeilge ó thaobh gnó dhe”.

 Bhí an tArdmhéara Tánaisteach, an Comh. Cllr Laura McGonigle i láthair agus thug ardmholadh do Ghael-Taca agus do lucht gnó na cathrach as a bhfuil déanta ar son na Gaeilge i gCorcaigh. Tá tábhacht freisin le cur chun cinn na Gaeilge ó thaobh turasóireachta de mar go bhfáiltíonn cuairteoiri roimh an éagsúlacht a thaispeántar le húsáid na Gaeilge i bhfograíocht siopa is gnó. Bhi na Comhairleoirí Jim Corr agus  John Kelleher i láthair freisin.

 I láthair freisin bhí Chris Dorgan, Oifigeach Cumarsáide is Gaeilge le Comhairle Cathrach Chorcaí, Donal Healy ó C.B.A.Chumann Gnó Chorcaí, agus Linda Tyers , The Sportsmans Barber Shop i mBaile an Chollaigh buatoir an Gradam i 2009 comh maith le morán eile a ghlac páirt sa chomórtas anuraidh.

 Tá bealaí éagsúla chun an Ghaeilge a úsáid sa ghnó – is féidir í a úsáid ar láthréain ghréasáin, ar fhógraíocht, ar chomharthaíocht nó ar bhileoga eolais. Tá foireann Ghael-Taca ann chun comhairle agus cabhair a thabhairt d’éinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid sa tslí sin.

 Tá bá an-mhór ag muintir Chorcaí leis an nGaeilge agus is uirlis iontach í an teanga i gcursaí margaíochta, leis. Tapaidh do dheis. Foirmeacha iarratais ar fáil ag Oifig Ghael-Taca 20 Sráid an Chóibh,  Corcaigh, 021 4310 841 nó ar ríomphost:

eolas@gael-taca.com nó féach ar www.gael-taca.com

 

 

 

 

 

 


Gaelport.com Nuacht

Scoil Samhraidh cois Bhearú

Féile na Gaeilge Nua-Eabhrac!

Cúis Bróid

Cóip den úrscéal draíochtiúil ‘An Hobad’ le buachan

Ag cuardach poist?

Lean Gael-Taca ar...