Bí id bhall de Ghael-Taca

Bí i do Bhall: €15
Ball Airgead: €50
Ball Airgead/ Óir: €100
Ball Corparáideach: €200
Tuilleadh Eolais >

Suirbhé tuairimí

Céard é an Láithreán Líonraithe Shóisialta is mó a bhaineann tú úsáid as?:

Navigation

Logáil Isteach

Scéim Teanga Comhairle Cathrach Chorcaí 2010-2013

Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach Chorcaí a tarna scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde.

Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag Comhairle Cathrach Chorcaí anois ó aon pháirtithe leasmhara. Ba cheart nach rachadh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (c. 8 leathanach). Ba cheart freisin, go hinmhianaithe, aighneachtaí a sheoladh isteach go leictreonach chuig gaeilge@corkcity.ie.  Is féidir aighneachtaí a sheoladh sa phost chuig:

An tOifigeach Cumarsáide agus Gaeilge,
Comhairle Cathrach Chorcaí,
Halla na Cathrach,
Corcaigh.

 
Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná: 5.00 i.n. Dé hAoine 17 Meán Fomhair 2010.

Tá a thuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.