Bí id bhall de Ghael-Taca

Bí i do Bhall: €15
Ball Airgead: €50
Ball Airgead/ Óir: €100
Ball Corparáideach: €200
Tuilleadh Eolais >

Suirbhé tuairimí

Which Social Networking Site do you use most often?:

Navigation

Logáil Isteach

Gradam Phádraig Uí Chuanacháin

Gradam Phádraig Uí Chuanacháin
Ag seoladh Gradam Phádraig Uí Chuanacháin 2009, bhí Ciarán Ó Cuanacháin, Deirdre Ní Chuanacháin, Barra Ó Caoimh Gael-Taca agus Niamh Ní Chuanacháin.

Is cúis áthais do Ghael-Taca, Corcaigh,  a bheith á fhógairt againn do 2010.

Bhí Pádraig i measc bunaitheoirí  Ghael-Taca i 1987 agus bhí dlúthbhaint aige ag an am gcéanna le bunú gaelscoileanna i gcathair is i gcontae Chorcaí. Chuir Pádraig roimhe go mbeadh an Ghaeilge le tabhairt faoi ndeara ag daltaí scoile lasmuigh den rang scoile agus ghríosaigh sé an lucht gnó chuige sin. Tháinig borradh is fás faoin nGaeilge ag an am, agus tá Gael-Taca ag leanúint sampla Phádraig ó shin.

Ba mhór an chailliúint a bhás dá mhuintir gheanúil is do shaol na Gaeilge, ní hamháin i gCorcaigh ach ar fud na tíre chomh maith.

Bronnfar an gradam seo ar an gComhlacht nó ar an nGnó is mó a chuireann an Ghaeilge chun cinn. Tá slite éagsúla chun an Ghaeilge a úsáid sa ghnó – is féidir í a úsáid ar láithréain gréasáin, ar fhógraíocht, ar chomharthaíocht nó ar bhileoga eolais. Tá foireann Gael-Taca ann chun comhairle agus cabhair a thabhairt d’éinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid.

Tá bá an-mhór ag muintir Chorcaí leis an nGaeilge agus is uirlis iontach í an teanga i gcursaí margaíochta. Tapaidh an deis.

Gradam Phádraig Uí Chuanacháin
Orla Keane, Bainisteoir Margaíochta Evening Echo, Etaoin Ó hAilpín, Áine Ní Shléibhín agus Neepa Sodhi, Gael-Taca

An tslí chun cur isteach ar an nGradam:

  • Dírithe ar chathair is bruachbhailte Chorcaí.
  • Dírithe ar dhreamanna nach bhfuil ag plé leis an nGaeilge – dreamanna príobháideacha atá báúil leis an nGaeilge.
  • Éinne atá ag úsáid na Gaeilge ar shlí fheiceálach, dháiríre, ina gnó. Mar shampla éinne atá ag úsáid comharthaí Gaeilge, an Ghaeilge i bhfógraíocht, nó ar shuíomh idirlín, biachláir dhátheangacha srl.
  • Caithfear clárú a dhéanamh don chomórtas. Foirm Iarratais ar fáil ón oifig nó ón Suíomh idirlín.
  • Roghnóidh moltóirí buaiteoirí an Ghradaim.
  • Glacfar le hiarrataisí idir 18ú Bealtaine agus 6ú Meán Fomhair 2010.
  • Bronnfar an Gradam i Mí Dheireadh Fómhair 2009
  • Foirm iontrála le híoslódáil – ceangailte leis seo

Na gnónna a ghlac páirt i nGradam Phádraig Uí Chuanachain 2011

  • Siopa Oisín
  • Gerald McCathy Trphoies
  • Tony O'Connell Photography
  • Ballycotton Seafoods
  • South County Bar
  • Cronin's Menswear
  • Cahill's Menswear/Boyswear
  • Farmgate Café
  • Hopkins Communications Ltd.
  • An Réalt Dearg
  • Tír na Sí
  • Printing.com
  • Freakscene
  • Swing Dance Cork
  • The Roundy Bar
  • Moran's Florist
  • O'Connor Shoes
  • Mary O'Connell's Bar
  • Siopa Bearbóra an Fhir Spóirt
  • Cork City F.C
  • Mannix & Culhance
  • The Best of Buds
  • Café Anraith
  • Leader & Co.
  • Auntie Nellies Sweet Shop
  • AB Sales
  • Bull McCabes
  • Will and Away
  • Griffins Garden Centre
  • Rothar Cycles
  • Idaho Café
  • Crawford Gallery Café
  • Bakery Union
  • The Rob Roy
  • Primetime Clothing

Na gnónna a ghlac páirt i nGradam Phádraig Uí Chuanacháin 2009

 

• Achilles Foot Clinic

• Lennox’s Launderette

• Siopa Oisín

• Siopa Bearbóra an Fhir Spóirt – Buaiteóir Gradam Phádraig Uí Chuanacháin 2009

• Leader & Co.

• Rothar Cycle Tours

• MB Refrigeration

• Seán Ó Murchú, Búistéir Teaghlaigh

• McDonalds

• South County Bar

• An Réalt Dearg

• Woodies DIY

• Heatons

• Dee’s “Eat Well Be Happy”

• Quish’s SuperValu Baile an Chollaigh

• Debenhams

Na gnóanna go léir a ghlac páirt i nGradam Phádraig Uí Chuanacháin 2009. Buaiteoir (Lár) Lynda Tyers, Siopa Bearbóra an Fhir Spóirt

Na gnóanna go léir a ghlac páirt i nGradam Phádraig Uí Chuanacháin 2009. Buaiteoir (lár) Lynda Tyers, Siopa Bearbóra an Fhir Spóirt, Baile an Chollaigh.