Bí id bhall de Ghael-Taca

Bí i do Bhall: €15
Ball Airgead: €50
Ball Airgead/ Óir: €100
Ball Corparáideach: €200
Tuilleadh Eolais >

Suirbhé tuairimí

Céard é an Láithreán Líonraithe Shóisialta is mó a bhaineann tú úsáid as?:

Navigation

Logáil Isteach

Buaiteoir Gradam Phádraig Uí Chuanacháin 2011 fógartha / Irish Language in Business Awards 2011 – Winner Announced

Buaiteoir Gradam Phádraig Uí Chuanacháin 2011 fógartha

Bhuaigh an South County Bar sa Dúghlas i gCorcaigh Gradam Phádraig Uí Chuanacháin 2011. Fuair an South County an lámh in uachtar an 34 comhlacht eile chun an príomhdhuais i nGradam Phádraig Uí Chuanacháin 2011 a bhaint amach. Bhronn Ard-Mhéara na Cathrach, an Comhairleoir Terry Shannon an duais ar Tom O’Connor ón South County ag ócáid i Halla na Cathrach ar oíche dé hAoine seo caite.

 Mhol na moltóirí na gnónna go léir a chur isteach ar an gcomórtas i mbliana mar gheall ar an sár-iarracht a bhí déanta acu. Bhronn na moltóirí roinnt duaiseanna eile ar ghnónna a bhí tar éis dul i bhfeidhm go mór orthu. Thugadar an tarna áit do Griffins Garden Centre atá lonnaithe sa Druipseach, Contae Chorcaí. Bhronnadar an triú háit ar Siopa Bearbóra an Fhir Spóirt, Baile an Chollaigh agus Café Anraith, Margadh na Sacsan. Bhuaigh Siopa Bearbóra an comórtas i 2009 agus Café Anraith an comórtas anuraidh, ach bhraith na moltóirí go raibh árd-chaighdeán Gaeilge fós á léiriú ag na gnónna sin. Sa cheathrú háit, bhí na mbláthadóirí Morans Florist, atá lonnaithe i lár na Cathrach, agus bhain an Cumann Sacair – Cork City FC an cúigiú háit amach.

 “Bhí na moltóirí an-shásta i mbliana leis an iarracht a rinne na gnónna go léir a bhí páirteach sa chomórtas” a dúirt Oifigeach Forbartha le Gael-Taca, Áine Ní Shléibhín.  “Ach léirigh an South County go raibh Gaeilge in úsáid acu i ngach ghné dá gcuid oibre; idir chomharthaíocht agus fógraíocht agus ar an suíomh idirlín fiú.

 Mhol Ard-Mhéara na Cathrach na gnónna go léir a bhí páirteach sa chomórtas agus na hiarrachtaí a bhí déanta acu an Ghaeilge a chur os comhair an phobail.

 Tá an Gradam seo ainmnithe in ómós do Phádraig Ó Cuanacháin. Bhí Pádraig i measc bhunaitheoirí  Ghael-Taca i 1987. Chuir Pádraig roimhe go mbeadh an Ghaeilge le tabhairt faoi ndeara ag daltaí scoile lasmuigh den rang scoile agus ghríosaigh sé an lucht gnó chuige sin. Tháinig borradh is fás faoin nGaeilge ag an am, agus tá Gael-Taca ag leanúint sampla Phádraig ó shin. Fuair Pádraig Ó Cuanacháin bás i mí Márta 2008, agus tugann an gradam seo aitheantas don obair dhílis a dhein sé ar son cur chun cinn na Gaeilge sa chathair agus sa chontae, agus go mórmhór chun an lucht gnó a spreagadh ó thaobh úsáid na Gaeilge dhe.

 

Douglas bar the South County beat off stiff competition from 34 other entrants to take home Gael-Taca’s annual Irish Language in Business Award on Friday night last. Lord Mayor Cllr. Terry Shannon presented Tom O’Connor of the South County with the Award, and a prize of five thousand euro worth of advertising with Corks’ Evening Echo newspaper.

The judges were also suitably impressed with a number of other entrants – awarding 2nd place to Griffins Garden Centre, joint third place to last years’ winner Café Anraith and the  2009 Winner – The Sportsmans Barbers in Ballincollig. City Centre Florists, Morans’ took 4th place and 5th place was awarded to Cork City FC.

“The judges were extremely happy with the standard in this years’ competition and wanted to extend the prizes to recognise the work many companies had put in” said Áine Ní Shléibhín, Marketing Manager with Gael-Taca. “But the South County were worthy winners, having put an enormous effort into integrating Irish into all aspects of their business – signage, their website and advertising material”.

Lord Mayor Terry Shannon praised all business’ involved in this years’ awards, and their efforts to make Irish visible to the people of Cork. Gradam Phádraig Uí Chuanacháin is named after one of the founding members of Gael-Taca, who passed away in 2008.


Gaelport.com Nuacht

Deis damhsa ar an Jig Gig!

Scoil Samhraidh cois Bhearú

Féile na Gaeilge Nua-Eabhrac!

Cúis Bróid

Cóip den úrscéal draíochtiúil ‘An Hobad’ le buachan

Lean Gael-Taca ar...