![]()
Become a Member of Gael-Taca
Become a member: €15
Silver Membership: €50
Gold Membership: €100
Corporate Membership: €200
More Membership Info >
![]()
Become a member: €15
Silver Membership: €50
Gold Membership: €100
Corporate Membership: €200
More Membership Info >
ÁBHAR: Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge - Seimineáir Eolais do phobail áitiúla
Is í aidhm na seimineáir eolais dá réir ná eolas faoi dheiseanna cur chun cinn na Gaeilge faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ar bhonn comhtháite a scaipeadh ar phobail áitiúla d’fhonn gréasáin Gaeltachta láidre a bhunú agus a fhorbairt.
Léireoidh na seisiúin eolais seo na céimeanna chun tosaigh ar féidir le pobail a ghlacadh i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge.
Tá beartaithe seimineár eolais a reáchtáil i nGaelcholáiste Choilm, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí: idir 6 – 9.00 i.n., Dé Céadaoin, 28 Meán Fómhair 2011.
‘Sé an cur chuige a bheidh i gceist ar an oíche ná:
a. Cur i láthair ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – i. Cur síos ar chúlra na Straitéise, ar phríomh-réimsí gnímh / feidhmíochta na Straitéise, agus ar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na Straiteise.
b. Físeán mar léiriú dea-eiseamláir de cheantar atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.
c. Cur i láthair ó aoíchainteoir áitiúil maidir leis an dea-chleachtas;
d. Cur i láthair ar obair eagraíochtaí leasmhara go háitiúil, m.sh.
· CLG
· Comhaltas Ceoltóirí na hÉireann
· Oifigeach Gaeilge na Comhairle Chondae
· Eagraíocht chur chun cinn na Gaeilge eile atá gníomhach go
háitiúil.
Reáchtálfar an seimineáir eolais go dátheangach agus is i nGaeilge a bheadh do chur i láthair le déanamh.