![]()
Become a Member of Gael-Taca
Become a member: €15
Silver Membership: €50
Gold Membership: €100
Corporate Membership: €200
More Membership Info >
![]()
Become a member: €15
Silver Membership: €50
Gold Membership: €100
Corporate Membership: €200
More Membership Info >
Freedom ag tógáil na Gaeilge cois trá!
Tá Ionad Eachtraíochta Allamuigh Freedom atá lonnaithe ar an Trá Mhór tar éis filleadh ar a dhúchás trí cheangal a chothú leis an nGaeilge. Tá Billy agus Pam Butler beirt an-tógtha leis an saol allamuigh agus leis an gcultúr Gaelach. Is é sin a spreag iad chun cur lena gcláir oideachasúla trí chláir as Gaeilge a chur ar fáil ar an Trá Mhór, an chéad cheann dá leithéid san Oirdheisceart.
Ag cur leis na gnáthimeachtaí a bhíonn ar siúl acu as Béarla, marcaíocht toinne, seoltóireacht talún, dúshláin foirne, fánaíochr eicealaíoch agus siúl Nordach, tá Freedom ag fáiltiú roimh Ghaelscoileanna agus roimh Ghaeilgeoirí na tíre chun taitneamh a bhaint as an taithí chéanna trí Ghaeilge. Beidh deis ag daltaí de gach aois an Ghaeilge a chloisint agus a labhairt i gcomhthéacs spraíúil.
‘Bhí gliondar ar an Idirbhliain ó Choláiste an Phiarsaigh, Co Chorcaí nuair a d’fhear foireann Freedom céad míle fáilte rompu as Gaeilge’ a dúirt Ciara Roosli, Comhordaitheoir Teanga nua-cheaptha, Freedom. “Bhaineamar go léir an-taitneamh as an dá lá a bhíomar i dteannta a chéile”. Chuir Ciara leis an méid a bhí le rá aici, “‘Ba bhreá linn taithí dhifiriúil a thairiscint do ghrúpaí a bhíonn ar cuairt orainn, trí chláir Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh agus trína bheith báúil don Ghaeilge. Baintear an-taitneamh is mó as aon teanga agus í i gcomhthéacs agus níl slí níos fearr chun sult a bhaint as teanga ach trí na gníomhaíochtaí eachtrúla atá á dtairiscint againn? Tá foireann ildánach ilghnéitheach againne agus táimid ag cur blas beag iasachta leis na cláir i gcónaí agus sinn ag súil le cláir trí Fhraincis agus trí Spáinnis a thairiscint níos déanaí amach sa séasúr. “
Má tá tuilleadh eolais ag teastáil maidir leis na cláir atá á dtairiscint is féidir dul i dteagmháil le Freedom Surf &Adventure, An Trá Mhór,
Uimhir Ghutháin: 051 386773 nó Seoladh Ríomhphoist info@freedomsurfschool.com