Clár Raidió Ghael Taca
Bíonn clár raidió Ghael-Taca ar an aer ag 4.00 i.n. gach Déardaoin ar 97.4FM ar Raidió Campus Ollscoile Chorcaí. Clár Ghaeilge le beagán Béarla ag rith tríd.
Bíonn plé agus cur síos ar mhóran nithe sa saol thall agus abhus.
Gné eile den chlár ná agallaimh bheo sa stiúideo, ar an bhfón, nó réamhthaifeadtha.
Gan amhras, bíonn craic agus ceol againn chomh maith le rogha leathan ceol uirlise is amhrán idir traid, snag, agus opera.
Faoi dheireadh, deinimid trácht ar nuachtáin agus cúrsaí spóirt na seachtaine.
Éist linn ar an idirlion gach Déardaoin idir 4-5i.n. anseo.
Deintear athchraoladh ar an gclár seo ar Raidió Ospideal Ollscoile Chorcai 107.8FM 2i.n. Dé hAoine agus Dé Máirt chomh maith le Raidió Ospidéal Naomh Sheosaimh, Cluain Meala 107.2FM gach Aoine.
Bíonn clár raidió eile againn ar Raidió Pobail Eochaille 107.2FM. Clár Ghael-Taca le muintir Eochaille gach Máirt ag a 3i.n. agus Aoine ag a 2i.n.