Seirbhísí Gael Taca
Biúireó Eolais
Cuirimid eolas ar fáil faoi ranganna Gaeilge, Ciorcail Chomhrá, Gaelscoileanna, nó rud ar bith a bhaineann le chur chun cinn na Gaeilge. Beidh fáilte romhat glaoch orainn nó bualadh isteach go dtí an Biúireó Eolais cúig lá na seachtaine. Is féidir teachtaireacht a fhágaint ar fón nó ar ríomhphost. Féach anseo i gcomhair na sonraí teagmhála.
Eastáit Thithíochta
Ainmneacha Gaelacha a thabhairt ar eastáit nua thithíochta.
Faisean nua é seo atá á chleachtadh anois ar fud Éireann.
Ba é Gael-Taca ba thúisce a dhein an gort seo a threabhadh.
Nach álainn iad na hainmneacha Gaelacha a fheiscint is tú ag taisteal na tíre.
Molaimíd na Tógálaithe as dul i gcomhairle linn fé mar a dheinid ó cheann ceann na tíre. Tá moladh tuillte freisin ag na comhairlí is údaráisí áitiúla as an spéis a chuireann siad in ainmniú eastáit i nGaeilge.
Samplaí eile:
Ranganna Gaeilge:
- Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile - 021 4902314
- Pobalscoil Bhaile an Chollaigh - 021 4875401
- Pobalscoil na Dúghlaise - 021 4294208
- Pobalscoil Charraig Uí Leighin - 021 4373767
- Pobalcholáiste Ghleann Maghair - 021
- Pobalcholáiste Cholmáin, Mainistir na Corann - 021 4621913
- Coláiste Stiofáin Naofa, Br. na Trá Móire - 021 4961020
Seirbhis Aistriúcháin: Déan teagmháil linn i dtaobh na seirbhísí aistriúcháin atá ar fáil.
Ciorcail Chomhrá:
- Leabharlann na Cathrach Sr.a' Chapaill Bhuí - 021 4277110
- Leabharlann na Dúghlaise
- Leabharlann Bhaile Feitheáin
- Leabharlann Bhaile an Chollaigh - 021 4873024
- Gaeilge Bheo, Halla an Phobail, An Gleanntán (Gach re Luan, 2006 Bealtaine 8, 15, 22 7rl)
Saoire sa Ghaeltacht: Cuir fios ar an Leabhrán "Saoire sa Ghaeltacht". Tá cóipeanna againn san oifig.
Naoinrí
Coláistí Samhraidh
- Béal Átha'n Ghaorthaidh
- Oileán Chléire
Imeachtaí Gaeilge
Lucht Gnó
Cuid an-mhór agus an-bhunúsach d'obair Ghael-Taca ná an teagmháil leanúnach atá againn leis an lucht gnó, obair go raibh rath air. Táimid an-bhuíoch as an gcomh-oibriú atá againn leis an lucht gnó.
An chuimhin leat na busanna sa chathair a thug leo fógraí lucht gnó i nGaeilge ar a gcamchuaird cathrach? Tá a leithéid céanna beartaithe arís agus beidh busanna le fógraíocht Ghaeilge ar na sráideanna sar i bhfad.
Bionn vaineanna seacadtha ag mealladh aitheantais fé leith, ag fógairt a ngnó i nGaeilge.
Nach mealltach iad na comharthaí siopa is tábhairne, bainc is ollmhargaidh. Tóg mar shampla na háiteanna gnó seo a leanas:
Siopa Richard Alan ar Sráid Oilibhéir Phluincéid
Tigh Tabhairne i mBun an tSábhairne